Home Event Rás na Rinne

Rás na Rinne

0

(English version below) Glac páirt i Rás na Rinne – an cheathrú Rás sa tsraith ‘Na Rásaí’! Rás bóthair /trá 6 mhíle ag tosnú ag 8:00pm ar an Aoine 1 Iúil, i gceann de na háiteanna is áille in Éirinn! Duaiseanna: 1ú/2ú/3ú Bean agus Fear, 1ú Bean os cionn 35/ 40/45/50, 1ú Fear os cionn 40/45/50/55, 1ú chailín agus buachaill faoi 18. Tá an rás seo á reáchtáil ag West Waterford AC. Clárú roimh ré ar €5 ag https://endurancecui.active.com/event-reg/select-race?e=37291851

nó ar an lá €8 ó 7pm ag Halla Pobal na Rinne . Chip timed. Ceadaithe ag an AI. Bronnfar t-léine ‘Na Rásaí’ ar an gcéad 100 a chláraíonn ar an lá.

Is é 2016 an 24ú bliain de Rás na Rinne, Rás atá an-difriúil ó ghnáth rás bóthair sa tslí is go bhfuil formhór de ar ghaineamh! Ag tosú amach in aice gheataí Choláiste na Rinne, bíonn an chéad mhíle den rás síos le fána dtí bun ghob-gainimh an Choinnigéir. Bíonn ceithre mhíle ansan le rith ar an ngaineamh (dhá mhíle amach dtí deireadh an ghoib agus thar nais), le míle amháin fágtha ar an mbóthar dtín líne deiridh. Bronntar Sciath Chlann Uí Dhroma ar bhuaiteoir an rása gach bliain, maraon le oíche shiamsaíochta i dTabhairne Mhooneys ina dhiaidh.Tuilleadh eolais faoi Na Rásaí: https://www.facebook.com/pages/Na-R%C3%A1sa%C3%AD/1417897925181594

Join us in Rás na Rinne, the fourth in Na Rásaí series of races, a 6mile road/beach race starting at 8:00pm on Friday 1 July in one of the most beautiful places in Ireland! Prizes: 1/2 Man and Woman, 1 Man and Woman over 40, 1st Man and Woman over 50. This race is being organised by West Waterford AC. Register in advance for €5 at https://endurancecui.active.com/event-reg/select-race?e=37291851

or on the day for €8, at Halla Pobal na Rinne from 7pm. €5. Chip timed. Licensed by AI.The first 100 to register will receive a ‘Na Rásaí’ t-shirt.

2016 is the 24rd year of Rás na Rinne and it’s an unusal and challenging race in that most of it is on the beach! You start at the gates of Coláiste na Rinne, the first mile goes downhill to the beach ag Coinnigéir. You then run four miles on the beach (two miles out to the point and two miles back), with one mile then on the road to the finish line. The Ó Droma family Shield is awarded to the winner each year, and there is entertainment afterwards in Mooney’s Bar. Further information on Na Rásaí: https://www.facebook.com/pages/Na-R%C3%A1sa%C3%AD/1417897925181594